Dé Domhnaigh, Meitheamh 12, 2011

Tá mo spéis sa bhlagadóireacht tar éis dul i méid le himeacht ama agus mé ag léamh ábhair shuimiúil thríd an meán áirithe seo - geallaim go gcuirfidh mé le stór m'iontrálacha amach anseo, ach ní mé cén t-ábhar a scríobhfaidh mé faoi?

Dé Sathairn, Eanáir 08, 2011

Dé Céadaoin, Eanáir 05, 2011

an uimhir dhéach

dhá bhróig
dhá chluais
dhá láimh
dhá bhois
dhá chois

D ₇ S

Saibhreas / Daibhreas
Sochma / Dochma
Soiléire / Doiléire
Sorcha / Dorcha
Suairce / Duairce
Sochar / Dochar
Sólás / Dólás
Suáilce / Duáilce
Suthaine / Duthaine
Sonas / Donas
Saoire / Daoire
Soilbhreas / Doilbhreas
Soirbheas/Doirbheas?
Soirbhíochas/Doirbhíochas?
Soineann/Doineann
Soicheall/Doicheall
Soilíos/Doilíos?
Sócmhainneacht/Dócmhainneacht
Soithimh/Doithimh
Somhaoin/Domhaoin
Srannadh/Drannadh

dúbloga ginideacha

base of a tree cos crainn-cos chrainn wooden leg

stem of a glass cos gloine - cos ghloine glass leg

school homework obair baile - obair bhaile housework chores

sheep’s haunch ceathrú caorach - ceathrú chaorach lambs’ quarters/ goosefoot

suit of a sailor culaith mairnéalaigh - culaith mhairnéalaigh a sailor-suit

a glass of beer gloine beorach - gloine bheorach a beer-glass

factory making bricks monarcha bricí - monarcha bhricí factory made of bricks

a minority/lesser-used language teanga mionlaigh -

- teanga mhionlaigh a minor language/basilect/patois

engineering of software innealtóireacht bogearraí -

- innealtóireacht bhogearraí software engineering

grabbing/taking turf (ag) gabháil móna - gabháil mhóna an armful of turf (sods)

páirt 'gus iomlán ar a chéile

D'fhill Sailí a clóca ar a chéile.
Dhún sé an páipéar ar a chéile.
D'fhill sé an nóta ar a chéile.
Chas sí a léine ar a chéile.
D'fháisg sí a béal ar a chéile.
Bhí a cár ag greadadh ar a chéile.
Má choinním mo bhéal ar a chéile.
Bhí na gadhair ag streachailt an ghiorria bhocht ó chéile.
Scar sé ó chéile an páipéar rua.
... go raibh sí scoite ó chéile.
Tá an teach titithe anuas ar a chéile.
Bhí sé ina chodladh casta ar a chéile.
Gach putóg im' bholg casta ar a chéile.
Tiocfaidh an cnámh ina chéile.